Teangacha Dúchasacha, Mionlaigh agus Neamhfhorleathana

Is é Rialtas na Breataine Bige an rialtas ceannais do theangacha dúchasacha, mionlaigh agus neamhfhorleathana.

Is cuid thábhachtach í oidhreacht shaibhir teanga Bhall-Rialtais Chomhairle na Breataine-na hÉireann (CBÉ) de chultúr na n-oileán sin. Mar aitheantas ar an mian tacaíocht a thabhairt do theangacha dúchasacha, mionlaigh agus neamhfhorleathana (DMN) cuireadh an t-ábhar le punann earnálacha oibre CBÉ ag an tríú cruinniú mullaigh i mí an Mheithimh 2002.

Is iad an Ghaeilge, an Bhreatnais, an Ghàidhlig, Gaeilge na hAlban, an Ultais, Gaeilge Mhanann, Jèrriais, Fraincis Gheansaí agus an Choirnis na teangacha a ndíríonn an grúpa teangacha DMN orthu.

Déanann an earnáil oibre iarracht dea-chleachtas a aithint agus a roinnt ar fud na mballrialtas agus i measc phobail na dteangacha DMN. Ag an 3ú cruinniú aireachta i gCaerdydd ar an 24 Deireadh Fómhair 2014, chomhaontaigh na hAirí go ndíreofaí ar na ceisteanna seo a leanas i gclár oibre na todhchaí do 2015-16:

Teangacha DMN a theagasc do dhaoine fásta;
cuir chuige margaíochta agus athraithe iompraíochta i leith teangacha DMN;
na healaíona agus teangacha DMN;
teicneolaíocht agus na meáin dhigiteacha;
an geilleagar; agus
an pobal.

Chomh maith le cruinnithe rialta oifigigh, tá seimeáir eagraithe ag an earnáil oibre do lucht déanta polasaí agus cleachtóirí d'fhonn dea-chleachtas a roinnt le daoine atá ag obair san earnáil  teangacha DMN. Díríonn gach seimineár ar réimse difriúil de shainchúram na hearnála oibre. Tionóladh seimineár i mí na Samhna 2012 a dhírigh ar chur chun cinn teangacha DMN tríd an luathoideachas. Tá roinnt cur i láthair ón seimineár le fáil thíos. Rinneadh seimineár i ndáil le dea-chleachtas i reachtaíocht agus polasaí na dteangacha DMN a reáchtáil i nDún Éideann i mí na Samhna 2013 - tá tuilleadh sonraí le fáil ag an nasc seo a leanas

Rinneadh na tátail ón dá sheimineár a bhreithniú ag an tríú cruinniú Aireachta den earnáil oibre a tionóladh i gCaerdydd faoi chathaoirleacht Chéad-Aire na Breataine Bige, an Ró-Onórach Carwyn Jones AM. Is iad seo a leanas na ráitis ón gcruinniú:

2nd Ministerial Meeting - 24 October 2014

1st Ministerial Meeting - 11 November 2011